Acmhainní Breise
Insíonn an leathanach seo duit faoi acmhainní breise atá ar fáil do lucht cuardaigh fostaíochta.
Ag Obair in Éirinn agus san AE
Ag lorg oibre in Éirinn ar JobsIreland.ie
Mura bhfuil post agat, is féidir leat JobsIreland.ie a úsáid chun cabhrú leat obair a aimsiú in Éirinn. Tá JobsIreland.ie mar chuid de Intreo, an tSeirbhís Fostaíochta Phoiblí de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí. Cuirimid uirlisí saor in aisce ar fáil do chuardaitheoirí poist chun poist a lorg agus próifíl a bhunú chun a gcuid scileanna agus taithí a mheaitseáil le poist.
Cliceáil anseo chun clárú agus tosú ag lorg poist
Ag lorg oibre i dTuaisceart Éireann (TÉ)
Má tá suim agat in obair i dTuaisceart Éireann, tabhair cuairt ar www.jobapplyni.com/ chun iarratas a dhéanamh ar fholúntais i dTuaisceart Éireann.
Poist i Seirbhís Phoiblí na hÉireann
Is féidir leat eolas a fháil faoi phoist i Seirbhís Phoiblí na hÉireann ar publicjobs.ie. Is é seo suíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS), comhlacht neamhspleách láraithe earcaíochta, measúnaithe agus roghnúcháin don Státseirbhís, don tSeirbhís Sláinte, d’Údaráis Áitiúla, don Gharda Síochána, don tSeirbhís Phríosúin agus do chomhlachtaí eile sa tseirbhís phoiblí.
Ag cuardach oibre san Eoraip
Tá JobsIreland.ie mar chuid de EURES – an tSeirbhís Fostaíochta Eorpach – ar líonra comhair é atá comhdhéanta de sheirbhísí fostaíochta poiblí ar fud na hEorpa. Tá gach post íoctha a fhógraítear ar JobsIreland.ie agus trí sheirbhísí fostaíochta poiblí ar fud na hEorpa le fáil ar shuíomh gréasáin poist EURES ag https://eures.europa.eu/index_en.
Má tá tú ag lorg poist san Eoraip, is féidir leat EURES Éire agus tairseach EURES a úsáid chun:
- teacht ar bhunachar sonraí post ar fud na hEorpa,
- teacht ar eolas faoi dhálaí maireachtála agus oibre i ngach tír AE agus den LEE,
- do CV a chur san áireamh i mbunachar sonraí Eorpach is féidir le fostóirí Eorpacha a fheiceáil,
- tairbhe a bhaint as tacaíochtaí soghluaisteachta poist (amhail liúntas agallaimh nó liúntas athlonnaithe) má tá tú ag bogadh chun oibre go tír eile den AE nó den LEE, agus
- páirt a ghlacadh in imeachtaí earcaíochta ar an láthair nó ar líne ar fud na hEorpa (féach europeanjobdays.eu le haghaidh tuilleadh eolais).
An bhfuil suim agat? Déan coinne le do Chomhairleoir EURES is gaire le haghaidh tuilleadh eolais.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi phost a aimsiú ar Thairseach Soghluaisteachta EURES, féach https://eures.europa.eu/index_en
Poist in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat eolas a fháil faoi phoist in Institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) ag EU Jobs. Tugann an rannán Poist AE eolas duit faoi conas iarratas a dhéanamh ar phost, conas ullmhú do na céimeanna éagsúla den phróiseas iarratais, cé leis ar cheart teagmháil a dhéanamh má bhíonn ceisteanna agat, conas teagmháil a dhéanamh leo ar an mbealach is fearr agus tuilleadh.
Acmhainní eile do Chuardaitheoirí Poist
Faisnéis do Shaoránaigh
Soláthraíonn Citizensinformation.ie eolas agus comhairle maidir le réimse leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta agus maidir le do theidlíochtaí mar shaoránach de chuid na hÉireann. Bailíonn siad eolas ó ranna agus gníomhaireachtaí éagsúla rialtais, ionas go mbeidh an t-eolas go léir atá uait faoi do chearta agus faoi iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí Stáit agat.
Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU)
Soláthraíonn Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe eolas mionsonraithe maidir le tacaíochtaí um fhilleadh ar an obair, oideachas agus oiliúint do dhaoine dífhostaithe, do dhaoine eile atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus do bhaill foirne túslíne a chuireann seirbhísí ar fáil do Chuardaitheoirí Poist.
Déanann a bpríomhfhoilseachán, Working for Work iniúchadh ar na roghanna leasa, oibre, oideachais agus oiliúna atá ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus do bhaill foirne a thugann tacaíocht do dhaoine dífhostaithe.
An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA)
Soláthraíonn SBCA comhairle mhionsonraithe maidir le do chuid fiacha a bhainistiú. Is féidir leis comhairle a chur ort faoi na roghanna atá agat agus tú i mbun idirbheartaíochta le creidiúnaithe amhail bainc nó soláthraithe morgáiste, lena n-áirítear roghanna aisíocaíochta. Féadfaidh sé eolas a thabhairt duit freisin faoi cad ba cheart duit a dhéanamh má tá riaráiste cíosa ort.
Déan Do Cháilíochtaí Éasca a Thuiscint
Is é NARIC Éire an Lárionad Náisiúnta um Fhaisnéis maidir le hAitheantas Acadúil d’Éirinn. Is cuid de Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, é agus is é an príomhról atá aige comhairle a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a gcuirtear cáilíochtaí eachtracha i gcomparáid le cáilíochtaí Éireannacha. Cuireann siad Bunachar Sonraí Inchuardaithe um Cháilíochtaí Eachtracha ar fáil, áit ar féidir leat do cháilíocht a chuardach agus ráiteas inchomparáideachta a íoslódáil.
