Polasaí Fianán
Tá meas ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar phríobháideacht chustaiméirí uile ár suíomhanna gréasáin. Leagtar amach leis an méid seo a leanas ár bpolasaí maidir le húsáid fianán ar JobsIreland.ie. Féadfaimid an beartas fianán seo a nuashonrú ó am go ham chun aon athruithe sa teicneolaíocht agus/nó sa reachtaíocht a léiriú. Féadfaimid ár bpolasaithe úsáide sonraí a nuashonrú, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcaoi a n-úsáidimid fianáin agus ar an gcaoi is féidir leatsa mar chustaiméir iad a bhainistiú.
Is mion-théacschomhaid iad fianáin, a chuirtear ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin. Ansin, seolann do bhrabhsálaí gréasáin na fianáin sin ar ais chuig an suíomh gréasáin ar gach cuairt ina dhiaidh sin. Úsáidtear fianáin chun cuidiú linn monatóireacht a dhéanamh ar thrácht an tsuímh gréasáin agus feabhas a chur ar d’eispéireas ar ár suíomh gréasáin. D’fhéadfadh baint a bheith ag an bhfaisnéis a stóráiltear i bhfianán le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin nó le huimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin tú a aithint ar do chuairt fillte. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin ónar féidir tú a aithint, ach amháin má thug tú faisnéis den sórt sin don suíomh gréasáin.
Úsáideann JobsIreland na cineálacha fianán seo a leanas:
Catagóir | CUR SÍOS |
Riachtanach go docht | Tá na fianáin atá riachtanach go docht riachtanach chun ár seirbhísí a sholáthar agus teastaíonn siad ón suíomh gréasáin chun feidhmiú mar a bhfuiltear ag súil leis. Caithfidh siad a bheith ar siúl i gcónaí agus dá bhrí sin ní sholáthraímid rogha diúltaithe. |
Feidhmiocht | Cuidíonn na fianáin feidhmíochta linn feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn ár suíomh gréasáin, trí léargas níos fearr a sholáthar chun eispéireas feabhsaithe custaiméirí a chinntiú. Beidh rogha diúltaithe ag custaiméirí dóibh siúd. |
Triu pairti | Féadfaidh suíomhanna gréasáin ó thríú páirtithe na fianáin thríú páirtí a shocrú agus déanann siad rudaí éagsúla amhail tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a bhreathnaíonn tú ar ábhar Facebook nó ar fhíseáin YouTube ar JobsIreland.ie. Beidh rogha diúltaithe ag custaiméirí dóibh siúd. |
Anailísíocht | Cuidíonn na fianáin anailísíochta linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn úsáideoirí leis an suíomh gréasáin trí shonraí úsáide a bhailiú (e.g. Google Analytics). |
Úsáid fianáin ar JobsIreland
Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht ina gcuirfear ar an eolas tú faoin ráiteas toilithe fianán. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Glac le Gach Fianán’, socrófar fianán lena dtaifeadfar gur roghnaigh tú glacadh leis na fianáin go léir ar shuíomh gréasáin JobsIreland.
Ligeann formhór na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do shocruithe fianán a shaincheapadh. Chun a fháil amach conas é seo a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara go mbeidh ort do shainroghanna fianán a athnuachan sna cásanna seo a leanas:
- • má dhéanann tú fianáin a scriosadh, a bhlocáil nó a shrianadh ar bhealach eile
- • má úsáideann tú ríomhaire, gléas nó Brabhsálaí Idirlín eile
Úsáideann JobsIreland fianáin chun feabhas a chur ar d’eispéireas ar ár suíomh gréasáin agus ar ár seirbhísí ar líne. Bailímid faisnéis neamh-inaitheanta phearsanta faoin úsáid a bhaineann cuairteoirí as an suíomh gréasáin, amhail na nithe a luaitear thíos.
- líon na ndaoine a thugann cuairt ar an suíomh Gréasáin;
- dáta, am agus fad na gcuairteanna;
- • líon na leathanach a bhreathnaítear orthu;
- an méid ama a chaitear ar an suíomh Gréasáin;
- • leathanaigh a bhfuil tóir orthu ar an suíomh gréasáin;
- • meán tarchuir;
- • an cineál córais oibriúcháin agus na ngléasanna a úsáidtear;
Má tá imní ort faoin gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, déan teagmháil linn tríd an bhfoirm “Déan Teagmháil Linn” a chomhlánú anseo
Naisc
D’fhéadfadh naisc a bheith ar an suíomh gréasáin seo chuig suíomhanna eile nach mbaineann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Níl an Roinn Coimirce Sóisialaí freagrach as na suíomhanna sin ná as ráitis fianán suíomhanna gréasáin eile.
Fógra maidir le hAthrú
Forchoimeádann an Roinn Coimirce Sóisialaí an ceart an ráiteas seo a leasú ag aon dáta amach anseo agus cuirfidh sí aon athruithe substainteacha ar fáil anseo.
Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáideadh
Brabhsálaí Gréasáin
Is é brabhsálaí gréasáin an píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Microsoft Edge, Chrome, Safari, Mozilla Firefox agus Opera.
Seoladh IP
Sainaithníonn do sheoladh IP do ríomhaire (nó ríomhaire do sholáthraí seirbhíse idirlín) i gcód prótacail idirlín (mar shampla 123.456.78.90). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go mb’fhéidir nach mbeidh an seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar nasc.
Rinneadh an ráiteas fianán seo a mhodhnú go deireanach i mí Dheireadh Fómhair 2026.
Fianáin a úsáidtear ar shuíomh gréasáin JobsIreland.
Fianán | Beartas | Dul in éag |
wordpress_logged_in_* | Fianán Riachtanach WordPress | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
wordpress_test_cookiesl | Fianán Riachtanach WordPress | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
wp-settings-* | Fianán Riachtanach WordPress | 1 Bliain |
wp-settings-time-1 | Fianán Riachtanach WordPress | 1 Bliain |
wpEmojiSettingsSupports | Fianán Riachtanach WordPress | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
wp_lang | Fianán Riachtanach WordPress | 1 Bliain |
onetap-accessibility-free | Stórálann sé faisnéis faoi fhianáin a braitheadh ar an suíomh gréasáin | 1 Bliain |
GPS | Cabhraíonn sé le YouTube suíomh ginearálta an úsáideora a thuiscint agus iad ag breathnú ar fhíseáin leabaithe | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
PREF | Cuimhníonn sé ar roghanna agus socruithe YouTube | 8 Mí |
VISITOR_INFO1_LIVE | Cabhraíonn sé le YouTube úsáid agus feidhmíocht físeáin a thomhas | 6 Mhí |
YSC | Rianaíonn sé radhairc ar fhíseáin leabaithe YouTube le linn an tseisiúin | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
ga_* | Cabhraíonn sé le Google Analytics úsáideoirí agus seisiúin a idirdhealú | Nuair a thagann deireadh leis an seisiún brabhsála |
cmplz_banner_status | Cuimhníonn sé ar dúnadh an bratach fianán | 1 Bliain |
cmplz_consented_services | Cuimhníonn sé ar na seirbhísí a cheadaigh nó a dhiúltaigh an t-úsáideoir | 1 Bliain |
cmplz_cookie_data | Cuimhníonn sé ar na seirbhísí a cheadaigh nó a dhiúltaigh an t-úsáideoir | 1 Bliain |
cmplz_functional | Cuimhníonn sé ar thoiliú an úsáideora maidir le fianáin fheidhmiúla | 1 Bliain |
cmplz_marketing | Cuimhníonn sé ar thoiliú an úsáideora maidir le fianáin mhargaíochta | 1 Bliain |
cmplz_policy_id | Cuimhníonn sé ar an leagan den pholasaí fianán ar ghlac an t-úsáideoir leis | 1 Bliain |
cmplz_preferences | Cuimhníonn sé ar thoiliú an úsáideora maidir le fianáin tosaíochta | 1 Bliain |
cmplz_statistics | Cuimhníonn sé ar thoiliú an úsáideora maidir le fianáin staitistice | 1 Bliain |
