Tacaíochtaí agus Seirbhísí Fostóra

 

Tugann an leathanach seo eolas duit faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí fostaíochta atá ar fáil d’fhostóirí.

JobsPlus

Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a thairgeann deiseanna fostaíochta do dhaoine atá dífhostaithe. Cuirtear dhá leibhéal íocaíochta ar fáil d’fhostóirí: €7,500 nó €10,000 thar 18 mí, agus an leibhéal íocaíochta ag brath ar aois an chuardaitheora poist agus an fad ama a bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil aige.

Má tá tuilleadh eolais uait:

Téigh i dteagmháil le: d’Oifigeach um Chaidreamh le Fostóirí áitiúil

Téigh chuig: gov.ie/JobsPlus

An Clár Socrúcháin Taithí Oibre (CSTO)

Ceadaíonn an Clár Socrúcháin Taithí Oibre (CSTO) d’fhostóirí cuardaitheoir poist a óstáil ar shocrúchán taithí oibre agus cabhrú leis an gcuardaitheoir poist scileanna nua a fhorbairt agus taithí oibre luachmhar a fháil.

Soláthróidh fostóirí a óstálann rannpháirtí sa CSTO socrúchán ar feadh 6 mhí, agus freastalóidh an rannpháirtí ar thaithí oibre ar feadh 30 uair sa tseachtain. Níl aon chostas ar an óstach/bhfostóir; íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an rannpháirtí le linn a shocrúcháin oibre. €369 sa tseachtain ar a laghad a bheidh san íocaíocht CSTO in aghaidh an rannpháirtí. Ní cheadaítear d’fhostóir aon íocaíochtaí breise a dhéanamh leis an rannpháirtí. Ní mór do chuardaitheoirí poist na critéir incháilitheachta CSTO a chomhlíonadh.

Má tá tuilleadh eolais uait:

Téigh i dteagmháil le: d’Oifigeach um Chaidreamh le Fostóirí áitiúil

Téigh chuig: Gov.ie/Clár Socrúcháin Taithí Oibre - Fostóirí

 

Iomarcaíocht

Má tá do ghnó i mbaol iomarcaíochtaí, is féidir le Intreo cabhrú le d’oibrithe pleanáil roimh ré trí na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • tacaíocht chun rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta nua.
  • comhairle maidir le deiseanna breisoideachais agus oiliúna.

Mura bhfuil tú in ann íoc as iomarcaíocht reachtúil ó thaobh airgeadais de, is féidir linn íocaíocht aonuaire a íoc go díreach le fostaithe faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta. Déanfaimid iarracht an fiach a aisghabháil uait mar fhostóir trí sceideal aisíocaíochtaí comhaontaithe.

Má tá tuilleadh eolais uait:

Téigh chuig: www.gov.ie/redundancy

Téigh i dteagmháil le: d’Oifigeach um Chaidreamh le Fostóirí áitiúil

Ríomhphost: redundancypayments@welfare.ie