Faigh amach do chumas gairme le Printíseacht

An ndearna tú machnamh ar an bhfíric gur trí phrintíseacht atá do bhealach chuig gairm bheatha rathúil? Is clár oideachais agus oiliúna struchtúrtha é Printíseacht a chuireann oiliúint ar an láthair oibre, atá bunaithe ar fhostóir, le chéile le hoideachas lasmuigh den láthair oibre. Comhcheanglaíonn sé foghlaim san ionad oibre le foghlaim in ionad oideachais nó oiliúna. 

Tar éis duit an printíseacht a chríochnú, aithneofar thú mar cheardaí/ghairmí. Tá printíseachtaí á bhforbairt i raon leathan tionscal agus earnálacha agus i measc na bprintíseachtaí atá ar fáil faoi láthair tá Tógáil, Leictreachas, Innealtóireacht, Airgeadas, Fáilteachas agus Mótarfheithiclí.

Ag JobsIreland.ie fógraímid Printíseachtaí agus folúntais fostaíochta reatha saor in aisce d’Fhostóirí. Cén fáth nach bhfaighfeá Printíseacht agus go mbeadh tú ag foghlaim inniu ag JobsIreland.ie?

Tuilleadh Eolais:
Apprenticeships.ie
ETBI.ie
FET.ie
CareersPortal.ie

#printíseacht #printíseachtaí #oiliúint #gairm bheatha